Bainimid leas as fianáin chun oibriú RepairMyStuff.ie.ie a fheabhsú.

1. Ginearálta
Sa chomhaontú úsáideora seo (“Comhaontú Úsáideora”) tá na téarmaí agus na coinníollacha a rialaíonn rochtain agus úsáid an tsuímh idirlín www.repairmystuff.ie (an “Suíomh”).

Suíomh idirghníomhach um bhainistiú dramhaíola is ea an Suíomh agus é dírithe ar úsáid ag daoine aiceanta agus dlíthiúla in Éirinn. Cuimseoidh an nath “daoine aiceanta agus dlíthiúla”, gan teorainn, daoine aonair, gnóthaí, páirtíochtaí nó cuideachtaí teoranta corpraithe faoi Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1963.
Is í Comhairle Contae Mhuineacháin, i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla eile, An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil trín Ghréasán Seachanta Údarás Áitiúla, mar chuid den gClár Náisiúnta Seachanta Dramhaíola a sholáthraíonn na seirbhísí atá ar fáil ar an Suíomh. Chun críche an Chomhaontú Úsáideora seo ciallaíonn “-mid”, “ár” agus “sinn” soláthróir an tSuímh. Trí theacht ar an Suíomh agus é a úsáid tá tú ag toiliú le bheith i mbannaí an Chomhaontú Úsáideora seo. Ba chóír duit an Comhaontú Úsáideora a léamh go cúramach.

Má bhíonn ceist agat faoin gComhaontú Úsáideora, déan teagmháil led thoil le Nial O’Connor, Seirbhísí Comhshaoil, Comhairle Contae Mhuineacháin 042 9661240. Muna bhfuil tú toilteanach le bheith i mbannaí an Chomhaontú Úsáideora seo, níl cead agat teacht air ná é a úsáid.

2. Athruithe ar an Suíomh agus an Comhaontú Úsáideora
Ó am go chéile de rogha againn féin féadfaimid aon seirbhísí a ofráiltear trín Suíomh a mhaolú nó a chríochnú nó an Comhaontú Úsáideora seo a mhaolú, gan fógra agus gan dliteanas i do leith, i leith aon úsáideoir eile ná tríú duine. Ba chóir an Comhaontú Úsáideora a sheiceáil maidir le hathruithe i gcónaí nuair a thagann tú ar an Suíomh. Ach an Suíomh a úsáid go leanúnach cuireann tú in iúl go nglacann tú le haon mhaolú ar an gComhaontú Úsáideora.

3. Incheapthacht an tSuíomh a úsáid
Níl cead acu siúd faoi bhun 18 mbliana d’aois ná ag úsáideoirí an tSuímh atá ar fionraí go sealadach nó gan ceapadh lae an Suíomh a úsáid. Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, féadfaidh tú an Suíomh a úsáid má bhíonn tuismitheoir nó caomhnóir i do theannta le tú a mhaoirsiú. Muna mbíonn tú cáilithe, ná húsáid an Suíomh led thoil.

4. Cearta Maoin Intleachtúil
Is linne gach aon cheart, cóipcheart san áireamh, in a bhfuil ar an Suíomh agus gach ceart bunachar sonraí inár mbunachar sonraí Seirbhís RepairMyStuff mar a bhfuil soláthróirí deisiúchán agus is linne bunachair eile sonraí a chruthaigh muid nó atá inár seilbh, nó i seilbh lucht cleamhnaithe nó ceadúnóirí tríú duine. Maoin inleachtúil linn féin is ea aon trádmharc, ainm agus lógó a úsáidtear ar an suíomh, nó a bhaineann lenár lucht cleamhnaithe nó ceadúnóirí tríú duine. Chun tuairiscí nó ábhar gaolmhar a tháirgeadh, féadfaimid ábhar an tSuímh a atáirgeadh. Níl faic sa Chomhaontú Úsáideora seo a thugann cead ná ceart duit maidir le hábhar an tSuímh, ár mbunachar sonraí airteagal Seirbhís RepairMyStuff, bunachair sonraí eile cruthaithe againn nó aon trádmharc, ainm nó lógó a úsáidtear ar an Suíomh.

Féadfar codanna den ábhar ó réimsí eagsúla a chlóbhualadh is a íoslódáil dod úsáid neamhthráchtála fhéin amháin, ar an gcoinníoll go dtoilíonn tú gan aon chóipcheart ná fógra dílseánach a athrú ná a bhaint den ábhar. Seachas a bhfuil ceadaithe go soiléir sa Chomhaontú Úsáideora seo níl cead agat ábhar an tSuímh, san áireamh tá téacs, grafaicí, cód agus/nó bogearraí, a mhaolú, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a chur suas, a chur ar aghaidh, ná a sheachadadh ar aon slí. Féadfar codanna den ábhar a phriontáil agus a uaslódáil dod úsáid neamhthráchtála fhéin amháin ar an gcoinníoll nach gcuireann tú athrú ar chóipcheart ná ar fhógraí dílseánaigh atá san ábhar. Go háirithe, níl cead agat ábhar an tSuímh a bhreith isteach i suíomh eile gan chead scríofa a bheith faighte uainn roimh ré.

Aontaíonn tú gan ábhar ná eolas a fhoilsiú, a chur suas, a uaslódáil, a sheachadadh ná a scaipeadh ar an Suíomh a sháraíonn cearta maoin intleachtúil aon duine, aiceanta nó dlíthiúil. Aontaíonn tú freisin gur ar do phriacal fhéin go hiomlán a chuireann tú ábhar suas, a dheanann tú uaslódáil, a dhéanann tú seachadadh nó scaipeadh ar ábhar ón Suíomh agus nach bhfuilimid freagrach in aon sárú ná mídhílsiú ar cheart maoin intleachtúil a leanfadh an gníomh agatsa.

5. An Suíomh a Úsáid
Ag cuimhneamh go ligimid duit an Suíomh a úsáid, aontaíonn tú gan an Suíomh a úsáid ar aon chúis mhídhleathach ná cosctha ag an gComhaontú Úsáideora seo. Go háirithe, aontaíonn tú gan sonraí teagmhála a sholáthraíonn úsáideoirí eile a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leo seachas maidir le fiosrúchán dáiríre a bhaineann leis na hairteagail atá ar ár mbunachar sonraí Repair My Stuff.

Aontaíonn tú gan iarracht a dhéanamh ar theacht go mídhleathach ar an Suíomh nó aon chuntas, córas ríomhaireachta agus gréasáin trí haiceáil ná ar aon slí eile.

Aontaíonn tú freisin gan an Suíomh a úsáid ar shlí a dhéanfadh damáiste, míchumas, a chuirfeadh ualach mór ar nó a dhéanfadh dochar don Suíomh nó a chuirfeadh isteach ar úsáid agus/nó taitneamh aon duine eile a bheadh ag baint leas as an Suíomh.

Aontaíonn tú gan ábhar ná eolas a fhoilsiú, a chur suas, a uaslódáil, a sheachadadh ná a scaipeadh ar an Suíomh a sháraíonn cearta aon duine ná atá nó a bheadh mar chlúmhilleadh ná cur isteach ar chearta príobháideacha ná poiblíocht aon sórt duine ná ina bhfuil íomhá nó ábhar a bheadh in aon slí mídhleathach, díobhálach, bagarthach, clúmhillteach, graosta, mar chiapadh, nó gránna agus a éascaíon nó a chuireann gníomhaíocht mhídhleathach chun cinn, a léiríonn íomhánna pornagrafaíoch nó mioninste gnéasach nó a chuireann foréigean nó toirmeasc chun cinn.

Aithníonn tú gur dearadh an Suíomh go speisialta le húsáid i bPoblacht na hÉireann, agus aontaíonn tú gan é a úsáid ná teacht air i ndlínsí mar a bhfuil srian leis nó cosc air nó ar a chuid ábhar faoi dhlí áitiúil.

Tá sé de cheart againn, de rogha, dul i muinín aon leigheas a bheadh ar fáil againn má sháraíonn tú an Comhaontú Úsáideora seo, san áireamh i measc bearta eile bheadh aon ní curtha suas agat ar an Suíomh a scriosadh, deireadh a chur le do chlárú agus srian leis an rochtain a bheadh agat ar an Suíomh.

6. Clárú
Ní gá clárú muna bhfuil uait ach dul isteach sa tSuíomh agus é a bhreathnú. Is fíor, áfach, go gcaithfidh tú clárú má tá gnó agat le fógairt. Tá an clárú saor in aisce. Ní gá ach eolas áirithe pearsanta a chur isteach mar ainm, seoladh r-phost, seoladh poist agus uimhir fóin. Aontaíonn tú go mbeidh an t-eolas a chuireann tú ar fáil fíor, cruinn agus iomlán. Nuair a chláraíonn tú leis an Suíomh tá gach seans go ndéanfaimid iarracht ar chruinneas do chuid eolais a dheimhniú. Is fíor, áfach, toisc go bhfuil sé deacair úsáideoirí a dheimhniú ar an idirlíon, nach féidir agus nach ndeimhnímid aitheantas airbheartaithe úsáideoirí ná bailíocht an eolas a chuirtear suas ar an Suíomh.

Bainfimid leas as an eolas a sheoltar chugainn chun an Suíomh a riaradh agus chun taithí éifeachtúil pearsanta a sholáthar maidir leis an Suíomh a úsáid. Chun breis eolas a fháil ar a mbíonn ar bun againn led eolas pearsanta féach led thoil ár bPolasaí Príobháideachais. Cuid den Chomhaontú Úsáideora is an Polasaí Príobháideachais.

Mar chuid den phróiseas cláraithe caithfidh tú logáil isteach (do sheoladh r-phost) agus pasfhocal a roghnú. Tú féin a bheidh freagrach as gach aon ghníomh a tharlaíonn faoin logáil isteach agus pasfhocal úd agus níl cead agat an Suíomh a úsáid gan iad. Ba chóir gach iarracht a dhéanamh chun do phasfhocal a choimeád sábháilte agus níor chóir é a chur in iúl d’éinne eile. Aontaíonn tú freisin nach ndéanfaidh tú iarracht ar chlárú in ainm duine eile agus nach roghnóidh tú pasfhocal a bhféadfadh inár dtuairim a bheith déistineach.

7. Fógraí ar an Seirbhís RepairMyStuff.ie
Tá sé mar aidhm ag an Seirbhís RepairMyStuff deisiú agus athúsáid a chur chun cinn in Éirinn. Ligtear dóibh siúd a chláraíonn leis an Suíomh (sé sin le rá, iad siúd ag a bhfuil cuntas) fógraí a sheoladh isteach a mhíníonn seirbhísí deisiúcháin a bheith ar fáil ag an bpobal. Ní mór gach aon fhógra a chuirtear ar leathanaigh RepairMyStuff sa tSuíomh a bheith dlíthiúl, ionraic agus fírinneach, glactar leo le foilsiú ar an Suíomh agus féadfaimd iad a chur in eagar de rogha. Glactar le gach fógra don bhfoilsiú agus foilsítear iad le dea-rún, ach leagaimid béim ar an bhfíric nach nglacaimid ar aon chúinse freagracht maidir le dlíthiúlacht, cruinneas ná a mhalairt i bhfógra ar bith.

Beidh feidhm le fógra go ceann 365 lá, ina dhiaidh sin bainfear é de Leathanaigh Deisiúcháin an tSuímh. Cúig lá roimh ré agus an lá roimh an dáta éaga cuirfear r-phost chuig úinéir an chuntais chun an scéal a chur in iúl. Más maith leat fógra a bhaint roimh an dáta éaga nó fógra a athnuachan tar éis a éaga féadfaidh tú an réimse stádas a athrú trí cheann de na feidhmeanna tasc i do chuntas a úsáid.

Trí fhógraí nó aon ábhar eile a chur suas nó a sheoladh chuig nó trín Suíomh, muna luaimid a mhalairt:

  • bronnann tú ceart orainn atá neamheisiach, saor ó ríchíos, buan, inaistrithe, do-athraithe, agus go hiomlán fo-cheadúnaithe agus sin ceart an t-ábhar céanna a úsáid, a atáirgeadh, a mhaolú, a chur in oiriúint, a aistriú, a sheachadadh, a fhoilsiú, saothar díorthach a chruthú as agus é a thaispeáint is a léiriú ar fud an domhain trí aon mheán atá ann;
  • cuireann tú in iúl agus tugann tú barántas go bhfuil an t-ábhar a chuireann tú suas nó a sheolann tú ar shlí eile (a) géilliúil don Chomhaontú seo (b) cruinn agus gan chluain á cur ar éinne (c) gan sinn a chur i mbealach aon dliteanas sibhialta ná coiriúil agus gan dul i bhfeidhm go hábhartha codarsnach chun ár n-aimhleas nó ar an gcáil atá orainn.

Ní mheasfar ábhar a chuireann tú suas nó a sheolann tú a bheith príobháideach agus níl aon dualgas orainn déileáil leis mar ábhar dílseánaigh. Gan teorainn a chur lena bhfuil anso thuas, tá sé de cheart forchoimeádta againn an t-ábhar a úsáid mar a cheapaimid a bheith cuí, san áireamh beidh, gan teorainn, scriosadh, cur in eagar, maolú, diúltú nó diultú é a chur suas. Níl aon dualgas orainn tú a íoc ar son ábhar a sheolann tú chugainn ná deis a thabhairt duit ábhar a chur in eagar, a scriosadh ná a mhaolú ar aon slí ón uair a sheoltar chugainn é. Ní bheidh dualgas orainn tú a lua mar údar an ábhair, ná ní bheidh dualgas orainn aon sórt údarás ag an tríú duine a chur i bhfeidhm.

Má chinntítear gur tusa a choimeádann cearta mórálta (san áireamh ceart údarás nó ionracas) san ábhar, leis seo dearbhaíonn tú (a) nach n-éilíonn tú go n-úsáidfear aon eolas maidir leis an ábhar ná le haon saothar a d’éireodh as ná uasghrádú
ná uasdátú a dhéanfaí air a chuirfeadh tú féin in iúl; (b) nach bhfuil aon agóíd agat i gcoinne an t-ábhar a bheith á fhoilsiú, á úsáid, á mhaolú, á scriosadh ná sochar á bhaint as ag ár gceadúnaithe, comharbaí agus sannaithe; (c) leis seo tarscaoileann tú ceart ar bith agus gach ceart mórálta a bheadh agat san ábhar

8. Séanadh
Tú féin a ghlacann le freagracht iomlán agus riosca maidir le húsáid a bahint as an Suíomh idirlín seo.
Láthair is an Suíomh a éascaíonn an tionscal Deisithe. Oibrímid mar sheoladán chun fógraíocht agus eolas a fhaighimid ó lucht úsáidte a fhoilsiú. Níl sé de dhualgas orainn fógraí ná eolas a scagadh rorimh ré ná nílimid freagrach as ábhar a chuirtear suas ag úsáideoirí a scagadh ná monatóireacht a dhéanamh air, cé go bhféadfaimis é sin a dhéanamh ó am go chéile. Tá sé de cheart againn fógraí nó eolas a bhaint má cheapaimid, faoi rogha, nach bhfuil an t-ábhar oiriúnach. Féadfaimid bearta eile a dhéanamh a cheapaimid de rogha a bheith riachtanach nó oiriúnach maidir le heolas a sheoltar chugainn ó na húsáideoirí.
Déanfaimid ár ndícheall go réasúnta a chinntiú go mbíonn an Suíomh ag feidhmiú go hiomlán i gcónaí. Is fíor, áfach, mar gheall ar nádúr seirbhísí idirghníomhacha agus an Idirlíon go ginearálta, nach feidr a chinntiú go mbeidh an Suíomh saor i gcónaí ó mhoill, cur isteach ná earráidí.

Mar a cheadaítear de réir dlí, níl aon dliteanas dlíthiúil orainn i dtaobh eolas atá ar an suíomh agus ní thugtar barántas ar chruinneas ná iomláine an eolais chéanna, ná go mbeidh an Suíomh saor ó earráidí ná ar fáil gan stad. Go háirithe, níl aon dliteanas dlíthiúil orainn maidir le cruinneas ná iomláine a mbíonn i bhfógraíocht do na hairteagail a bhíonn sa mhír RepairMyStuff ar an Suíomh. Ina thaobh san clúdaítear, i measc rudaí eile, úinéireacht, cáilíocht, fírinne grianghrafanna, géilliúlacht do chur síos nó feiliúnacht chun rud a dhéanamh maidir lena leithéid d’airteagal. Aithníonn tú gur ar do phriacal féin a bheidh tú ag brath ar aon eolas atá ar an Suíomh. Leis seo dá bhrí sin séanaimid agus eisiaimid go sainráite gach barántas idir shainráite agus intuigthe, téarmaí agus coinníollacha nach luaitear anso istigh, chomh fada is a ligtear dona leithéid d’eisiamh de réir an dlí infheidhme. Eisiaimid dliteanas d’éinne aon chailliúint nó damáiste a tharlaíonn go díreach nó go hindíreach, nó cibé ar bith mar a tharlaíonn, de dheasca aon earráidí nó easnamh ar an Suíomh, pé acu a mbíonn a leithéid d’earráid nó easnamh mar thoradh ar fhaillí, timpiste nó aon chúis eile ach tá an séanadh seo gan dochar d’aon éileamh ar mhífhaisnéis chalaoiseach, díobháil phearsanta ná bás.

Tuigeann tú go bhféadfadh ábhar déistineach a bheith ar an Suíomh. Is ar do phriacal fhéin atá an teacht ar a leithéid d’ábhar. Níl aon smacht againn ar a leithéid d’ábhar agus ní ghlacaimid le freagracht ar bith as.

Tuigeann tú nach féidir linne is nach bhfuilimid chun barántas a thabhairt nach mbeidh comhaid ar fáil trín Suíomh saor ó thruailliú, víreas, péist, traíoch ná cód eile a léiríonn tréithe truaillithe nó scriosach. Tú féin atá freagrach as dóthain cleachtais agus pointí seiceála a fheidhmiú a fhreagróidh don ghá atá agat féin le cruinneas sonraí idir ionchur agus aschur, agus as bealach a choimeád lasmuigh den Suíomh chun teacht arís ar shonraí caillte.

9. Slánaíocht
Toilíonn tú sinne, ár n-oifigigh, stiúrthóirí, fostaithe, gníomhairí, ceadúnóirí, solathróirí agus aon soláthróir eile eolais nó ionadaí tríú duine a shlánú in aghaidh aon agus gach éileamh, caillteanas, caiteachais, damáistí agus costais, costais dlíthiúil san áireamh, cibé ar bith a tharlódh ag éirí as agus de thoradh ar aon choilleadh ná sarú déanta agat féin ar an gComhaontú Úsáideora seo nó aon éileamh déanta ag nó mar dhliteanas ar aon tríú duine mar thoradh ar aon choilleadh ná sárú déanta agat féin ar an gComhaontú Úsáideora seo nó aon éileamh déanta ag nó mar dhliteanas ar aon tríú duine mar thoradh ar aon ghníomhaíochtaí déanta faoi do chuntas, úsáid nó mí-úsáid agat ar an Suíomh, san áireamh beidh, i measc rúdaí eile, ábhar a chur suas ar an Suíomh, teagmháil le daoine eile mar thoradh ar phostáil ar an Suíomh, sárú maoin intleachtúil nó cearta eile aon duine, nó ar mhodh eile ag éirí as sárú a bheith déanta agat féin ar an gComhaontú Úsáideora seo.

10. Úsáideoirí Eile
Ní rialaímid an t-eolas a thagann ó úsáideoirí eile agus a bhíonn ar fáil ar an Suíomh. I do thuairim b’fhéidir go mbeidh ábhar ó úsáideoirí eile déistineach, díobhálach, míchruinn nó meabhlach. Bí cúramach agus ciallmhar led thoil nuair a bheidh tú ar an Suíomh. Cuimhnigh freisin go mbíonn riosca ag baint le plé le daoine faoi aois nó leo siúd a bheadh ag gníomhú le dúmas bréige. Ach an Suiomh seo a úsáid, aontaíonn tú go nglacfar lena leithéid de riosca agus nach bhfuilimid freagrach as gníomh ná easnamh úsáideoirí an tSuímh.

Sa chás go mbeadh aon cheart, éileamh nó caingean agat in aghaidh úsáideoir eile ag éirí as an duine sin ag baint úsáid as an Suíomh, aontaíonn tú a leithéid de cheart, éileamh nó caingean a leanúint go neamhspleách gan dul inár muinín, agus scaoileann tú saor sinn ó gach éileamh, dliteanas, damáistí, caillteanas, caiteachais agus costais, costais dlíthiúil san áireamh, aithnid agus anaithnid, ag éirí as agus de thoradh ar aon cheart, éileamh nó caingean.

11. Suímh Idirlín an Tríú Duine
Nuair a thagann tú ar Shuíomh an tríú duine, tuig led thoil go bhfuil sé sin neamhspleách orainne. Níl aon smacht againn air is dá bhrí sin níl aon dliteanas orainn ar ábhar aon suíomh ar a dtagann tú trín Suíomh seo againne nó ag a mbíonn nasc leis an Suíomh. Ina theannta san, má bhíonn nasc chuig an Suíomh seo againne ó Shuíomh éigin eile ní hionann san is a rá go bhformhuinímid ná go nglacaimid freagracht ar bith as ábhar ná úsáid a leithéid de shuíomh eile.
Níl cead ag aon tríú duine nasc a chruthú chuig ár Suíomh ó shuíomh eile gan chead scríofa a fháil uainne roimh ré.

12. Cearta Tríú Duine
Is chun sochar dúinne agus dár n-oifigigh, stiúrthóirí, fostaithe, gníomhairí, ceadúnóirí, solathróirí agus aon soláthróir eolais eile ag an Suíomh atá forálacha na n-alt 4 (Cearta Maoin Intleachtúil), 5 (Úsáid an tSuímh), agus 9 (Slánaíocht). Beidh sé de cheart ag na daoine aonair úd na forálacha úd a éileamh is a fhorfheidhmiú go díreach id aghaidh ar a son féin.

13. Ilchineálach
Cruthaíodh an Suíomh d’úsáideoirí i bPoblacht na hÉireann amháin. Bainfidh aon léirmhíniú ar a bhfuil ann, ar éilimh nó aighnis (cibé ar bith nádúr agus ní teoranta do do cheisteanna conarthach) le rialú dlí na hÉireann agus beifear faoi réir dlínse cúirteanna na hÉireann amháin.
Ná glactar mar tharscaoileadh aon fhoráil ná ceart é muna mbímid ag dearbhú nó ag forfheidhmiú aon fhoráil sa Chomhaontú Úsáideora seo go beacht.
Ní ghníomhóidh cúrsaí iompair idir na páirtithe ná cleachtas trádála chun aon fhoráil sa Chomhaontú Úsáideora seo a mhaolú.
Féadfaimid ár gcearta agus dualgais faoin gComhaontú Úsáideora seo a shannadh do dhuine am ar bith gan é sin a chur in iúl duit. Ní fhéadfaidh tú aon chearta ná dualgais faoin gComhaontú Úsáideora a shannadh ná a dhiúscairt gan chead scríofa a fháil uainne roimh ré.

Is iad an Comhaontú Úsáideora seo agus ár bPolasaí Príobháideachais an comhaontú agus tuiscint iomlán idir na páirtithe a bhaineann leis an Suíomh, cuirtear é in ionad aon agus gach aontú, socrú, ráiteas agus tuiscint a tháinig roimhe, seachas aon chalaois nó uiríoll calaoiseach ag ceachtar páirtí.
Má tharlaíonn sé am ar bith go meastar aon fhoráil nó níos ná san sa Chomhaontú Úsáideora seo a bheith neamhbhailí, mídhleathach nó neamh-infheidhmithe, leanfaidh forálacha eile an Chomhaontú Úsáideora seo de bheith bailí, dlíthiúil agus infheidhmithe is iad ag feidhmiú go hiomlán éifeachtach.
Féadfaidh ceachtar páirtí deireadh a chur leis an gComhaontú Úsáideora seo gan fógra a thabhairt am ar bith ar aon chúis. Mairfidh forálacha na n-alt 4 (Cearta Maoin Intleachtúil), 5 (Úsáid an tSuímh), 9 (Slánaíocht), 12 (Cearta Tríú Duine) agus 13 (Ilchineálach) thar aon chríoch a chuirtear leis an gComhaontú Úsáideora seo.

Is cearta forchoimeádta iad aon chearta nach mbronntar anso istigh. Rialófar agus forléireofar an Comhaontú Úsáideora seo de réir dlíthe na hÉireann agus sinne agus tusa géillimid do dhlínse eisiach Cúirteanna na hÉireann chun aighnis a réiteach faoin gComhaontú Úsáideora seo.

Tionscadal é seo de chuid Comhairle Contae Mhuineacháin, údaráis eile áitiúla, An Gréasán Seachanta Údarás Áitiúla (LAPN), An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) agus an tionscal deisiúchán.

Skip to content